BAILE ar scáth a chéile a mhairimid

Ba mhaith le baile Gaelphobail úra a bhunú, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga i ngach gné den saol agus ina bhfuil an Ghaeilge mar rogha-theanga ag tromlach na ndaoine atá ag cur fúthu sa cheantar.

Tá an-dul chun cinn déanta ag pobal na Gaeilge le blianta anuas - reachtaíocht teanga, Gaelscolaíocht, stáisiún teilifíse, nuachtán laethúil srl. - ach feictear dúinn nach féidir tógáil ar an fhorbairt seo gan lonnaíochtaí úra Gaeilge a bhunú.

NÍ FÉIDIR SLÁNÚ AGUS TODHCHAÍ NA GAEILGE A CHINNTIÚ GAN POBAIL ÚRA A CHUR AR BUN INA BHFUIL AN GHAEILGE Á LABHAIRT MAR PHRÍOMHTHEANGA.


Tá maoiniú ó Fhoras na Gaeilge faighte ag baile chun taighde a chóimisiúnú ar riachtanais agus ar mhianta lucht labhartha na Gaeilge maidir le bunú Gaelphobail nua agus tá stáidéar féidearthachta ar bun againn féin chun cuinsí an togra a mheas.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar an choincheap nó chun páirt a ghlacadh sa scéim, is féidir teagmháil a dhéanamh le baile
anseo.